Disgrifiad
Tá Tintin agus a chairde ar roicéad an Ollaimh Proinsias Piocardach chun na Gealaí. Turas dainséarach go cinnte agus tá baol níos mó fós rompu ar dhromchla na Gealaí. Tá fealltóirí ag feitheamh leo i scáthanna na Ré – an bhfuil sé i ndán dóibh bás a fháil ar an nGealach, chomh fada seo ó bhaile?



