Disgrifiad
Agus gach aon duine ina thimpeall á n-ionsaí le nimh na gealtachta, meallann teachtaireacht aisteach Tintin chun na Síne. De réir mar a fhiosraíonn sé polaitíocht chorrach na tíre sin, cuireann géarchéim idir an tSín agus an tSeapáin a shaol féin i mbaol, agus a chloigeann ar an mblocán gearrtha!



