Disgrifiad
Tá fonn díoltais ar an gcoirpeach nótáilte Ochtapas Scott agus a chomhchoirí Julius Mosca agus tá an bleachtaire éirimiúil Agatán Sacs i mbaol. Is casta an scéal é, áfach, mar tá beirt eile ann atá fíorchosúil le Scott agus Mosca agus níl na póilíní féin in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu.



